Na seirbhísí atá ar fáil

Is í cnámh droma na seirbhísí um fhaisnéis mhargaidh ná bunachar sonraí comhdhlúite de shonraí comhchuibhithe agus líonra mór saineolaithe ar an iascach agus ar an dobharshaothrú. Comhchuibhítear sonraí i 108 Príomhspeiceas tráchtála agus i 12 Grúpa tráchtearraí atá ar fáil ón gcéad díolachán go dtí an tomhaltas go seachtainiúil, go míosúil agus go bliantúil, i suíomh gréasáin amháin agus i ngach ceann de 24 teanga oifigiúla an AE. Is féidir roinnt sonraí a asbhaint ag leibhéal níos imdhealaithe nó trí shaoráid bulc-íoslódála freisin.

Tá rochtain ar na sonraí ag an bpobal gan chlárú.

 

 
Seachtainiúil
Míosúil
Bliantúil
Céimeanna i slabhra an tsoláthair
Cineálacha sonra
Toirteanna agus luachanna - foilsítear 1/2 sheachtain tar éis an díolacháin – maidir le speicis agus le háiteanna díolacháin áirithe Toirteanna agus luachanna – foilsítear 3 seachtaine i ndiaidh an díolacháin – maidir le gach uile speiceas agus áit díolacháin Toirteanna agus luachanna – foilsítear chomh túisce is a eisíonn EUROSTAT iad – maidir le gach uile speiceas agus Ballstát den AE .
Foilseachán sonraí
Anailísí rialta ar an mhargadh
“Buaicphointí na Míosa" “Margadh éisc an AE"
Seirbhísí eile

An bóthar go dtí seo agus forbairt amach anseo

Tá próiseas na forbartha agus gach aschur bunaithe ar chuspóir uileghabhálach EUMOFA, mar atá, sonraí agus faisnéis iontaofa comhsheasmhacha úsáideacha a sholáthar faoi mhargadh an AE le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.

Ón gcéim tástála amach, chuir EUMOFA lena cuid seirbhísí de réir a chéile d’fhonn:

  • níos mó den tslabhra soláthair a chlúdach agus níos mó tíortha a tharraingt isteach sa chóras bailithe sonraí;
  • uirlisí craobhscaoilte a fheabhsú, agus ionchais a sholáthar don mhargadh;
  • anailís a dhéanamh ar chomhthéacs agus sreabha tráchtála idirnáisiúnta.

Ón mbliain 2016 amach, úsáidtear cur chuige idirghníomhach le físeáin teagaisc agus uirlisí eile le tacaíocht a thabhairt d’úsáideoirí agus iad ag asbhaint sonraí as an mbunachar sonraí.

Cé sinne

Is tionscnaimh de chuid Choimisiún an AE – Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta (AS MARE) – í EUMOFA.

Déanann foireann idirnáisiúnta saineolaithe ar iascach agus ar dhobharshaothrú agus anailísithe faireachán ar mhargadh an AE ó lá go chéile. Seiceálann foireann EUMOFA na sonraí a bhailítear agus baineann sí ciall astu trína cuid pointí teagmhála iomadúla i dtíortha éagsúla an AE.

Leagann an Coiste Eagarthóireachta, a bhfuil oifigigh beartais de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus ionadaithe fhoireann EUMOFA ann, amach an seasamh eagarthóireachta agus déanann sé maoirseacht ar gach foilseachán.

Bainistíonn grúpa comhlachtaí seirbhísí EUMOFA, faoi stiúir an Choimisiúin Eorpaigh, agus COGEA (na hIodáile) i gceannas orthu, i gcomhpháirtíocht le:

  • AND (na Fraince),
  • EUROFISH (na Danmhairge),
  • KONTALI ANALYSE (na hIorua),
  • Business Integration Partners (na hIodáile).

 

Is ag an údair/na n-údar an dearcadh agus na conclúidí a léirítear i ngach foilseachán agus ní gá gurb ionann sin agus tuairim Choimisiún an AE ná a chuid oifigeach.